search


keyboard_tab EIDAS 2014/0910 GA

BG CS DA DE EL EN ES ET FI FR GA HR HU IT LV LT MT NL PL PT RO SK SL SV print pdf

2014/0910 GA cercato: '   féadfaidh' . Output generated live by software developed by IusOnDemand srl


just index    féadfaidh:

    CAIBIDIL I
    FORÁLACHA GINEARÁLTA

    CAIBIDIL II
    RÍOMH-SHAINAITHEANTAS

    CAIBIDIL III
    SEIRBHÍSÍ IONTAOIBHE

    ROINN 1
    Forálacha ginearálta

    ROINN 2
    Maoirseacht

    ROINN 3
    Seirbhísí iontaoibhe cáilithe

    ROINN 4
    Ríomhshínithe

    ROINN 5
    Ríomhshéalaí

    ROINN 6
    Ríomhstampaí ama

    ROINN 7
    Ríomhsheirbhísí seachadta chláraithe

    ROINN 8
    Fíordheimhniú láithreán gréasáin

    CAIBIDIL IV
    RÍOMHDHOICIMÉID

    CAIBIDIL V
    TARMLIGIN CUMHACHTA AGUS FORÁLACHA CUR CHUN FEIDHME

    CAIBIDL VI
    FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA


whereas    féadfaidh:


definitions:


cloud tag: and the number of total unique words without stopwords is: 828

 

Airteagal 6

Aitheantas frithpháirteach

1.   I gcás ina gceanglófar faoin dlí náisiúnta nó i gcomhréir leis an gcleachtas náisiúnta riaracháin ríomh-shainaitheantas a úsáid a úsáideann modh ríomh-shainaitheantais agus fíordheimhnithe le rochtain a fháil ar sheirbhís a chuireann comhlacht poiblí ar fáil ar líne i mBallstát amháin, aithneofar sa chéad Bhallstát an modh ríomh-shainaitheantais a eiseofar i mBallstát eile chun an tseirbhís sin ar líne a fhíordheimhniú ar bhonn trasteorann, ar choinníoll go gcomhlíonfar na coinníollacha a leanas:

(a)

go n-eisítear an modh ríomh-shainaitheantais faoi scéim ríomh-shainaitheantais a áirítear sa liosta a fhoilseoidh an Coimisiún de bhun Airteagal 9;

(b)

go bhfreagraíonn leibhéal dearbhaithe an mhodha ríomh-shainaitheantais do leibhéal dearbhaithe atá comhionann le nó níos airde ná an leibhéal dearbhaithe a éilíonn an comhlacht ábhartha poiblí chun rochtain a fháil ar an tseirbhís sin ar líne sa chéad Bhallstát, ar choinníoll go bhfreagraíonn leibhéal dearbhaithe an mhodha ríomh-shainaitheantais sin do leibhéal dearbhaithe atá “suntasach” nó “ard”;

(c)

i gcás ina n-úsáideann an comhlacht earnála poiblí lena mbaineann an leibhéal dearbhaithe “suntasach” nó “ard” maidir le rochtain ar an tseirbhís sin ar líne.

Bainfear amach an t-aitheantas sin tráth nach déanaí ná 12 mhí ón dáta a fhoilseoidh an Coimisiún an liosta dá dtagraítear i bpointe (a) den chéad fhomhír.

2.   féadfaidh comhlachtaí poiblí aitheantas a thabhairt don mhodh ríomh-shainaitheantais a eiseofar faoi scéim ríomh-shainaitheantais a áireofar ar an liosta a fhoilseoidh an Coimisiún de bhun Airteagal 9 agus a fhreagróidh do leibhéal dearbhaithe “íseal” aige, chun an tseirbhís a chuireann na comhlachtaí sin ar fáil ar líne a fhíordheimhniú ar bhonn trasteorann.

Airteagal 9

Fógra a thabhairt

1.   Tabharfaidh an Ballstát a thugann an fógra fógra don Choimisiún i leith na faisnéise seo a leanas gan mhoill mhíchuí, chomh maith le haon athruithe iardain a dhéanfar uirthi:

(a)

tuairisc ar an scéim ríomh-shainaitheantais, lena n-áirítear a leibhéil dearbhaithe agus eisitheoir nó eisitheoirí an mhodha ríomh-shainaitheantais faoin scéim sin;

(b)

an córas maoirseachta is infheidhme agus faisnéis maidir leis an gcóras dliteanais i ndáil leis an méid a leanas:

(i)

an páirtí a eisíonn na meáin ríomh-shainaitheantais, agus

(ii)

an páirtí a fheidhmíonn an nós imeachta fíordheimhnithe;

(c)

an t-údarás nó na húdaráis atá freagrach as an scéim ríomh-shainaitheantais ar tugadh fógra ina leith;

(d)

faisnéis maidir leis an eintiteas nó leis na heintitis a bhainistíonn clárú sonraí uathúla aitheantais duine;

(e)

tuairisc faoin mbealach a gcomhlíontar ceanglais a leagtar amach sa ghníomh chur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 12(8);

(f)

tuairisc faoin bhfíordheimhniú dá dtagraítear i bpointe (f) d’Airteagal 7;

(g)

socruithe i leith cúlghairm nó fhionraí na scéime ríomh-shainaitheantais ar tugadh fógra ina leith, na fíordheimhnithe nó na codanna díobh ar cuireadh a slándáil i mbaol.

2.   Bliain amháin ón dáta a gcuirfear i bhfeidhm na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 8(3) agus Airteagal 12(8), foilseoidh an Coimisiún liosta de na scéimeanna ríomh-shainaitheantais ar tugadh fógra ina leith de bhun mhír 1 den Airteagal seo in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh mar aon leis an mbunfhaisnéis ina dtaobh.

3.   Má fhaigheann an Coimisiún fógra tar éis dhul in éag na tréimhse dá dtagraítear i mír 2, foilseoidh sé in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh na leasuithe ar an liosta dá dtagraítear i mír 2 laistigh de dhá mhí ón dáta a bhfaighfear an fógra sin.

4.   féadfaidh Ballstát iarraidh a chur faoi bhráid an Choimisiúin chun an scéim ríomh-shainaitheantais ar thug an Ballstát sin fógra ina leith a bhaint den liosta dá dtagraítear i mír 2. Foilseoidh an Coimisiún na leasuithe comhfhreagracha ar an liosta in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh laistigh d’aon mhí amháin ón dáta a bhfaighidh sé an iarraidh sin ón mBallstát.

5.   féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, sainiú a dhéanamh ar chúinsí, ar fhormáidí agus ar nósanna imeachta an fhógra faoi mhír 1. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 48(2).

Airteagal 17

Comhlacht maoirseachta

1.   Ainmneoidh na Ballstáit comhlacht maoirseachta atá bunaithe ar a gcríoch, nó, le comhaontú frithpháirteach le Ballstát eile, comhlacht maoirseachta atá bunaithe i mBallstát eile. Beidh an comhlacht sin freagrach as cúraimí maoirseachta sa Bhallstát ainmniúcháin.

Tabharfar do chomhlachtaí maoirseachta na cumhachtaí is gá agus acmhainní leordhóthanacha chun a gcúraimí a dhéanamh.

2.   Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún maidir le hainm agus seoladh na gcomhlachtaí maoirseachta a ainmneoidh siad féin faoi seach.

3.   Seo a leanas an ról a bheidh ag an gcomhlacht maoirseachta:

(a)

maoirseacht a dhéanamh ar sholáthraithe cáilithe seirbhísí iontaoibhe atá bunaithe ar chríoch an Bhallstáit ainmniúcháin chun a áirithiú, trí ghníomhaíochtaí maoirseachta ex ante agus ex post, go gcomhlíonadh na soláthraithe cáilithe seirbhísí iontaoibhe sin agus na seirbhísí iontaoibhe cáilithe a chuirfidh siad ar fáil na ceanglais a leagtar síos sa Rialachán seo;

(b)

beart a dhéanamh más gá maidir le soláthraithe neamhcháilithe seirbhísí iontaoibhe atá bunaithe ar chríoch an Bhallstáit ainmniúcháin trí ghníomhaíochtaí maoirseachta ex post, nuair a chuirtear in iúl nach gcomhlíonann na soláthraithe neamhcháilithe seirbhísí iontaoibhe sin nó na seirbhísí iontaoibhe cáilithe a chuireann siad ar fáil na ceanglais atá leagtha síos sa Rialachán seo;

4.   Chun críocha mhír 3 agus faoi réir na srianta dá bhforáiltear sa mhír sin, beidh na cúraimí seo a leanas go háirithe ar an gcomhlacht maoirseachta:

(a)

comhoibriú leis na comhlachtaí maoirseachta eile agus tacú leo i gcomhréir le hAirteagal 18;

(b)

anailís a dhéanamh ar na tuarascálacha ar mheasúnú comhréireachta dá dtagraítear in Airteagail 20(1) agus 21(1);

(c)

comhlachtaí maoirseachta eile agus an pobal a chur ar an eolas maidir le haon sárú slándála nó le haon teip ó thaobh sláine de i gcomhréir le hAirteagal 19(2);

(d)

tuarascáil maidir lena phríomhghníomhaíochtaí a chur chuig an gCoimisiún i gcomhréir le mír 6 den Airteagal seo;

(e)

iniúchtaí a dhéanamh nó iarraidh ar chomhlacht measúnaithe comhréireachta measúnú comhréireachta a dhéanamh ar sholáthraithe cáilithe seirbhísí iontaoibhe i gcomhréir le hAirteagal 20(2);

(f)

comhoibriú leis na húdaráis cosanta sonraí, go háirithe tríd a gcur ar an eolas, gan aon mhoill mhíchuí, maidir le torthaí iniúchtaí ar sholáthraithe cáilithe seirbhísí iontaoibhe, i gcás ina mbeadh an chuma ar an scéal gur sáraíodh rialacha cosanta sonraí;

(g)

an stádas cáilithe a dheonú do na soláthraithe seirbhísí iontaoibhe agus do na seirbhísí a chuireann siad ar fáil agus an stádas sin a asbhaint i gcomhréir le hAirteagail 20 agus 21;

(h)

an comhlacht atá freagrach as an liosta iontaofa náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 22(3) a chur ar an eolas maidir lena chinntí an stádas cáilithe a dheonú nó a asbhaint, murab é an comhlacht sin an comhlacht maoirseachta freisin;

(i)

a fhíorú gurb ann d’fhorálacha maidir le pleananna foirceanta agus go bhfuil siad á gcur chun feidhme mar is ceart i gcásanna ina gcuireann an soláthraí cáilithe seirbhísí iontaoibhe deireadh lena chuid gníomhaíochtaí lena n-áirítear an chaoi a n-áirítear inrochtaineacht ar fhaisnéis, i gcomhréir le pointe (h) d’Airteagal 24(2);

(j)

a chur de cheangal ar sholáthraithe seirbhísí iontaoibhe go réiteoidh siad aon mhainneachtain a bhaineann leis na ceanglais a leagtar síos sa Rialacháin seo a chomhlíonadh.

5.   féadfaidh na Ballstáit cur de cheangal ar an gcomhlacht maoirseachta bonneagar iontaoibhe a bhunú, a chothabháil agus a nuashonrú i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar faoin dlí náisiúnta.

6.   Faoin 31 Márta gach bliain, tíolacfaidh gach comhlacht maoirseachta tuarascáil don Choimisiún maidir leis na príomhghníomhaíochtaí a bhí aige le bliain féilire anuas mar aon le achoimre ar na fógraí maidir le sárú a fuarthas ó sholáthraithe seirbhísí iontaoibhe i gcomhréir le hAirteagal 19(2).

7.   Cuirfidh an Coimisiún an tuarascáil bhliantúil dá dtagraítear i mír 6 ar fáil do na Ballstáit.

8.   féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, sainiú a dhéanamh ar fhormáidí agus ar nósanna imeachta na tuarascála dá dtagraítear i mír 6. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 48(2).

Airteagal 19

Ceanglais slándála is infheidhme maidir le soláthraithe seirbhísí iontaoibhe

1.   Déanfaidh soláthraithe cáilithe seirbhísí iontaoibhe agus soláthraithe neamhcháilithe seirbhísí iontaoibhe bearta teicniúla agus eagraíochtúla oiriúnacha chun na rioscaí do shlándáil na seirbhísí iontaoibhe a chuirfidh siad ar fáil a bhainistiú. Ag féachaint do na himeachtaí is déanaí i gcúrsaí teicneolaíochta, déanfaidh na bearta sin a áirithiú go mbeidh an leibhéal slándála oiriúnach do mhéid an bhaoil. Go háirithe, déanfar bearta chun tionchar teagmhas slándála a chosc agus a laghdú a oiread is féidir agus páirtithe leasmhara a chur ar an eolas maidir le ainiarsmaí teagmhas den sórt sin.

2.   Tabharfaidh soláthraithe cáilithe seirbhísí iontaoibhe agus soláthraithe neamhcháilithe seirbhísí iontaoibhe fógra don chomhlacht maoirseachta agus i gcás inarb infheidhme, comhlachtaí ábhartha eile amhail an comhlacht náisiúnta inniúil don tslándáil faisnéise nó an t-údarás cosanta sonraí, gan aon mhoill míchuí agus i gcás ar bith laistigh de 24 uaire an chloig tar éis scéal a fháil faoi, maidir le haon sárú slándála nó teip ó thaobh sláine de a mbeidh tionchar mór aige ar an tseirbhís iontaoibhe a chuirtear ar fáil nó ar na sonraí pearsanta atá á gcoinneáil faoin tseirbhís sin.

Nuair is móide, leis an sárú slándála nó leis an teip ó thaobh sláine, go ndéanfar difear diúltach do dhuine nádúrtha nó dlítheanach dar cuireadh an tseirbhís iontaoibhe ar fáil, tabharfaidh an soláthraí seirbhíse iontaoibhe fógra don duine nádúrtha nó dlítheanach faoin sárú slándála nó faoin teip ó thaobh sláine gan aon mhoill míchuí.

I gcás inarb iomchuí, go háirithe má bhaineann sárú slándála nó teip ó thaobh sláine de le dhá Bhallstát nó níos mó, tabharfaidh an comhlacht maoirseachta a dtabharfar fógra dó fógra do na comhlachtaí maoirseachta sna Ballstáit eile lena mbaineann agus do ENISA.

Déanfaidh an comhlacht maoirseachta a dtabharfar fógra dó an pobal a chur ar an eolas nó ceangal a chur ar an soláthraí seirbhísí iontaoibhe é sin a dhéanamh, i gcás ina measfar gur chun leas an phobail é an sárú slándála nó an teip ó thaobh sláine a nochtadh.

3.   Déanfaidh an comhlacht maoirseachta, uair amháin sa bhliain, achoimre ar na fógraí i leith sáruithe slándála nó teip ó thaobh sláine a fuarthas ó na soláthraithe seirbhísí iontaoibhe a thabhairt do ENISA.

4.   féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a)

na bearta dá dtagraítear i mír 1 a shonrú tuilleadh, agus

(b)

na formáidí agus na nósanna imeachta, lena n-áirítear spriocdhátaí, a bheidh infheidhme chun críche mhír 2, a shainiú.

Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 48(2).

ROINN 3

Seirbhísí iontaoibhe cáilithe

Airteagal 20

Maoirseacht ar sholáthraithe cáilithe seirbhísí iontaoibhe

1.   Déanfaidh comhlacht measúnaithe comhréireachta iniúchadh ar sholáthraithe cáilithe seirbhísí iontaoibhe, ar a laghad gach 24 mhí, ar a gcostas féin. Is é an cuspóir a bheidh ag an iniúchadh dearbhú go ndéanann na soláthraithe cáilithe seirbhísí iontaoibhe agus go ndéantar leis na seirbhísí iontaoibhe cáilithe a sholáthraíonn siad, na ceanglais a leagtar síos sa Rialachán seo a chomhlíonadh. Déanfaidh na soláthraithe cáilithe seirbhísí iontaoibhe an tuarascáil ar mheasúnú comhréireachta a thagann as sin a thíolacadh do chomhlacht maoirseachta laistigh den tréimhse thrí lá oibre tar éis dóibh í a fháil.

2.   Gan dochar do mhír 1, féadfaidh an comhlacht maoirseachta iniúchadh a dhéanamh ar na soláthraithe cáilithe seirbhísí iontaoibhe nó a iarraidh ar chomhlacht measúnaithe comhréireachta measúnú comhréireachta a dhéanamh orthu, ar chostas na soláthraithe seirbhísí iontaoibhe cáilithe sin tráth ar bith le dearbhú go bhfuil siad féin agus na seirbhísí iontaoibhe cáilithe a chuireann siad ar fáil ag comhlíonadh na gceanglais a leagtar síos sa Rialachán seo. I gcás ina ndealróidh sé go bhfuil sárú ann ar rialacha maidir le cosaint sonraí pearsanta, cuirfidh an comhlacht maoirseachta torthaí a iniúchtaí in iúl do na húdaráis cosanta sonraí.

3.   I gcás ina gcuirfidh an comhlacht maoirseachta de cheangal ar an soláthraí cáilithe seirbhísí iontaoibhe réiteach a dhéanamh ar an mainneachtain na ceanglais faoin Rialachán seo a chomhlíonadh agus i gcás nach ngníomhóidh an soláthraí dá réir sin, agus más infheidhme taobh istigh de theorainn ama a leagfaidh an comhlacht maoirseachta síos, féadfaidh an comhlacht maoirseachta, agus aird á tabhairt ar mhéid, ar ré agus ar iarmhairtí na mainneachtana sin, stádas cáilithe an tsoláthraithe sin nó na seirbhíse a sholáthraíonn sé a ndéantar difear di a aistarraingt agus an comhlacht dá dtagraítear in Airteagal 22(3) a chur ar an eolas chun go ndéanfar na liostaí iontaoibhe dá dtagraítear in Airteagal 22(1) a thabhairt cothrom le dáta. Cuirfidh an comhlacht maoirseachta an soláthraí cáilithe seirbhísí iontaoibhe ar an eolas faoi aistarraingt a stádais cháilithe nó faoi aistarraingt stádas cáilithe na seirbhíse lena mbaineann.

4.   féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, uimhir thagartha na gcaighdeán seo a leanas a bhunú:

(a)

na comhlachtaí measúnaithe comhréireachta a chreidiúnú agus don tuarascáil measúnaithe creidiúnachta dá dtagraítear i mír 1;

(b)

na rialacha iniúchta faoina ndéanfaidh na comhlachtaí measúnaithe comhréireachta a measúnú comhréireachta ar na soláthraithe cáilithe seirbhísí iontaoibhe dá dtagraítear i mír 1.

Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 48(2).

Airteagal 21

Seirbhís iontaoibhe cháilithe a thionscnamh

1.   Má tá intinn ag soláthraithe seirbhíse iontaoibhe, nach bhfuil stádas cáilithe acu, tosú ar sheirbhísí iontaoibhe cáilithe a chur ar fáil, tíolacfaidh siad fógra faoina n-intinn don chomhlacht maoirseachta in éineacht le tuarascáil ar mheasúnú a d’eisigh comhlacht measúnaithe comhréireachta.

2.   Fíoróidh an comhlacht maoirseachta cibé an bhfuil an soláthraí seirbhíse iontaoibhe cáilithe agus na seirbhísí iontaoibhe a sholáthraíonn sé ag comhlíonadh na ceanglais a leagtar síos sa Rialachán seo, agus go háirithe, na ceanglais i gcomhair soláthraithe cáilithe seirbhísí iontaoibhe agus i gcomhair na seirbhísí iontaoibhe cáilithe a sholáthraíonn siad.

Má chinneann an comhlacht maoirseachta go ndéanann an soláthraí seirbhísí iontaoibhe na ceanglais dá dtagraítear sa chéad fhomhír a chomhlíonadh agus go ndéantar iad a chomhlíonadh leis na seirbhísí iontaoibhe a sholáthraíonn sé, deonóidh an comhlacht maoirseachta an stádas cáilithe don soláthraí seirbhíse iontaoibhe agus do na seirbhísí iontaoibhe a sholáthraíonn sé. Chuirfidh sí an comhlacht dá dtagraítear in Airteagal 22(3) ar an eolas faoi sin chun go ndéanfar na liostaí iontaoibhe dá dtagraítear in Airteagal 22(1) a thabhairt cothrom le dáta, tráth nach déanaí ná trí mhí tar éis an fógra i gcomhréir le mír 1 den Airteagal seo.

Mura gcuirfear an fíorú i gcrích laistigh de thrí mhí, cuirfidh an comhlacht maoirseachta na cúiseanna leis an moill in iúl don soláthraí seirbhíse iontaoibhe cáilithe agus luafaidh sé an tréimhse a thógfaidh sé an fíorú a chur i gcrích.

3.   féadfaidh soláthraithe cáilithe seirbhísí iontaoibhe cáilithe tús a chur le soláthar na seirbhíse cáilithe iontaoibhe tar éis don stádas cáilithe a bheith curtha in iúl sna liostaí iontaofa dá dtagraítear in Airteagal 22(1).

4.   féadfaidh an Coimisiún, de bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, na formáidí agus na nósanna imeachta a shainmhíniú chun críocha mhír 1 agus mhír 2. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 48(2).

Airteagal 24

Ceanglais do sholáthraithe cáilithe seirbhísí iontaoibhe

1.   Agus deimhniú cáilithe á eisiúint aige do sheirbhís iontaoibhe, fíoróidh soláthraí cáilithe seirbhíse iontaoibhe, ar dhóigheanna iomchuí agus i gcomhréir leis an dlí naisiúnta, céannacht agus, más ábhartha, aon saintréithe sonracha atá ag an duine nádúrtha nó dlítheanach a n-eiseofar an deimhniú incháilithe dó.

Déanfaidh an soláthraí cáilithe seirbhíse iontaoibhe an fhaisnéis dá dtagraítear sa chéad fhomhír a fhíorú go díreach nó trí bhrath ar thríú páirtí i gcomhréir leis an dlí náisiúnta:

(a)

trí láithreacht fhisiciúil an duine nádúrtha nó ionadaí údaraithe an duine dhlítheanaigh, nó

(b)

go cianda, tríd an modh ríomh-shainaitheantais a úsáid, a raibh láithreacht fhisiciúil an duine nádúrtha nó ionadaí údaraithe an duine dhlítheanaigh áirithithe ina leith roimh eisiúint an deimhnithe cháilithe agus lena gcomhlíonfar na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 8 i dtaca leis na leibhéil dearbhaithe slándála “suntasach” nó “ard”, nó

(c)

trí dhearbhú ríomhshínithe cháilithe nó dearbhú ríomhshéala cháilithe a eiseofar i gcomhréir le pointe (a) nó le pointe (b), nó

(d)

trí mhodhanna eile sainaitheantais a úsáid a aithnítear ar an leibhéal náisiúnta agus lena dtugtar dearbhú ó thaobh iontaofachta de atá coibhéiseach le láithreacht fhisiciúil. Beidh ar chomhlacht measúnaithe comhréireachta an dearbhú coibhéiseach a dheimhniú.

2.   Déanfaidh soláthraí cáilithe seirbhísí iontaoibhe a sholáthraíonn seirbhísí iontaoibhe cáilithe an méid seo a leanas:

(a)

cuirfidh sé an comhlacht maoirseachta ar an eolas maidir le haon athrú a dhéanfar i soláthar a sheirbhísí iontaoibhe cáilithe, agus rún a bheidh aige deireadh a chur lena gcuid gníomhaíochtaí;

(b)

fostóidh sé foireann agus, más infheidhme, fochonraitheoirí a mbeidh an saineolas, an iontaofacht, an taithí agus na cáilíochtaí a mbeidh gá leo acu araon agus a mbeidh oiliúint iomchuí curtha orthu maidir leis na rialacha slándála agus cosanta sonraí pearsanta agus cuirfidh siad nósanna imeachta riaracháin agus bainistithe i bhfeidhm a bheidh ar chomhchéim le caighdeáin Eorpacha nó caighdeáin idirnáisiúnta;

(c)

i dtaca leis an riosca dliteanais i leith damáistí i gcomhréir le hAirteagal 13, coinneoidh sé dóthain acmhainní airgeadais agus/nó gheobhaidh sé árachas iomchuí i gcoinne dliteanais i gcomhréir leis an dlí náisiúnta;

(d)

roimh dhul isteach i gcaidreamh conarthach, déanfaidh sé aon duine ar mian leis seirbhís iontaoibhe incháilithe a úsáid a chur ar an eolas, ar bhealach soiléir agus cuimsitheach, faoi na téarmaí beachta agus na coinníollacha beachta a bhaineann le húsáid na seirbhíse sin, lena n-áirítear aon teorannú maidir lena húsáid;

(e)

déanfaidh sé córais agus táirgí iontaofa a úsáid a bheidh cosanta ar mhionathruithe agus lena n-áiritheofar slándáil theicniúil agus iontaofacht na bpróiseas a láimhseálann siad;

(f)

déanfaidh sé córais iontaofa a úsáid chun sonraí a thabharfar dó a stóráil i bhfoirm infhíoraithe, sa dóigh gur fíor an méid seo a leanas maidir leo:

(i)

níl na sonraí ar fáil don phobal chun aisghabhála ach sa chás go bhfuarthas cead an duine a mbaineann na sonraí sin leis,

(ii)

ní féidir ach le daoine údaraithe iontrálacha agus athruithe a dhéanamh ar na sonraí a stóráiltear,

(iii)

is féidir fíordheimhniú na sonraí a sheiceáil;

(g)

déanfaidh sé bearta iomchuí in aghaidh bhrionnú agus ghadaíocht na sonraí;

(h)

déanfaidh sé taifead ar an bhfaisnéis ábhartha uile a bhaineann le sonraí a eisíonn an soláthraí cáilithe seirbhísí iontaoibhe agus a fhaigheann sé agus coinneoidh sé ar fáil é le haghaidh tréimhse iomchuí ama, lena n-áirítear tar éis dheireadh ghníomhaíochtaí uile an tsoláthraí cháilithe seirbhísí iontaoibhe, go háirithe chun fianaise a sholáthar in imeachtaí dlíthiúla agus chun leanúnachas na seirbhíse a áirithiú. Féadfar an taifeadadh sin a dhéanamh go leictreonach;

(i)

plean foirceanta a bheith aige atá cothrom le dáta chun leanúnachas seirbhíse a áirithiú i gcomhréir le forálacha a fhíoróidh an comhlacht meastóireachta faoi phointe (i) d’Airteagal 17(4);

(j)

próiseáil dhleathach sonraí pearsanta a áirithiú i gcomhréir le Treoir 95/46/CE;

(k)

maidir le soláthraithe cáilithe seirbhísí iontaoibhe a eisíonn deimhnithe cáilithe, bunóidh sé bunachar sonraí deimhnithe suas chun dáta.

3.   I gcás ina gcinneann soláthraí cáilithe seirbhísí iontaoibhe a eisíonn deimhnithe cáilithe deimhniú a chúlghairm, déanfaidh siad an chúlghairm sin a chlárú ina mbunachar sonraí deimhnithe agus déanfaidh siad stádas cúlghairme an deimhnithe a fhoilsiú go tráthúil, ach i gcás ar bith laistigh de 24 uair an chloig tar éis an iarraidh a fháil. Beidh éifeacht ag an gcúlghairm a luaithe a fhoilseofar é.

4.   Maidir le mír 3, soláthraithe cáilithe seirbhísí iontaoibhe a eiseoidh deimhnithe cáilithe, cuirfidh siad ar fáil d’aon pháirtí is úsáideoir faisnéis maidir le stádas bailíochta nó stádas cúlghairme deimhnithe cáilithe a d’eisigh siad. Cuirfear an fhaisnéis sin ar fáil ar a laghad ar bhonn deimhnithe tráth ar bith agus i ndiaidh thréimhse bailíochta an deimhnithe, ar bhealach uathoibríoch a bheidh iontaofa, saor in aisce agus éifeachtúil.

5.   féadfaidh an Coimisiún, de bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, uimhreacha tagartha a bhunú do chaighdeáin le haghaidh córas agus táirgí iontaofa, ar caighdeáin iad lena gcomhlíonfar na ceanglais faoi phointe (e) agus faoi phointe (f) de mhír 2 den Airteagal seo. Measfar go bhfuil na ceanglais a leagtar síos san Airteagal seo á gcomhlíonadh, i gcás ina gcomhlíonfaidh córais agus táirgí iontaofa na caighdeáin sin. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 48(2).

ROINN 4

Ríomhshínithe

Airteagal 27

Ríomhshínithe sna seirbhísí poiblí

1.   I gcás ina mbeidh ríomhshíniú ardleibhéil ag teastáil ó Bhallstát chun úsáid a bhaint as seirbhís ar líne a thairgeann comhlacht poiblí, nó a thairgtear thar cheann an chomhlachta, sainaithneoidh an Ballstát sin ríomhshínithe ardleibhéil, ríomhshínithe ardleibhéil bunaithe ar dheimhniú cáilithe le haghaidh ríomhshínithe agus ríomhshínithe cáilithe ar a laghad sna formáidí nó trí úsáid a bhaint as na modhanna a shainítear sna gníomhartha chur chun feidhme dá dtagraítear i mír 5.

2.   I gcás ina mbeidh ríomhshíniú ardleibhéil bunaithe ar dheimhniú cáilithe ag teastáil ó Bhallstát chun úsáid a bhaint as seirbhís ar líne a thairgeann comhlacht poiblí, nó a thairgtear thar cheann an chomhlachta, sainaithneoidh an Ballstát sin ríomhshínithe ardleibhéil bunaithe ar dheimhniú cáilithe agus ríomhshínithe cáilithe ar a laghad sna formáidí nó trí úsáid a bhaint as na modhanna a shainítear sna gníomhartha chur chun feidhme dá dtagraítear i mír 5.

3.   Maidir le húsáid trasteorann seirbhíse ar líne atá á cur ar fáil ag comhlacht poiblí, ní iarrfaidh na Ballstáit ríomhshíniú ar leibhéal níos airde slándála ná leibhéal ríomhshínithe cháilithe.

4.   féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, uimhreacha tagartha caighdeán a bhunú maidir le ríomhshínithe ardleibhéil. Toimhdeofar go gcomhlíontar na ceanglais maidir le ríomhshínithe ardleibhéil dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2 den Airteagal seo agus in Airteagal 26 tráth a gcomhlíonfaidh ríomhshíniú ardleibhéil na caighdeáin sin. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 48(2).

5.   Faoin 18 Meán Fómhair 2015, agus na cleachtais, na caighdeáin agus gníomhartha dlíthiúla an Aontais á gcur san áireamh, déanfaidh an Coimisiún tri bhíthin ghníomhartha cur chun feidhme na formáidí tagartha do ríomhshínithe ardleibhéil nó na modhanna tagartha i gcás ina n-úsáidfear formáidí eile a shainiú. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 48(2).

Airteagal 28

Deimhnithe cáilithe do ríomhshínithe

1.   Comhlíonfaidh deimhnithe cáilithe le haghaidh ríomhshínithe na ceanglais a leagtar síos in Iarscríbhinn I.

2.   Ní bheidh deimhnithe cáilithe le haghaidh ríomhshínithe faoi réir aon cheanglas sainordaitheach a théann thar na ceanglais a leagtar síos in Iarscríbhinn I.

3.   Féadfar saintréithe breise neamh-shainordaitheacha sonracha a áireamh leis na deimhnithe cáilithe do ríomhshínithe. Ní bheidh éifeacht ag na saintréithe sin ar idir-inoibritheacht ná ar shainaithint ríomhshínithe cáilithe.

4.   Má chúlghairtear deimhniú cáilithe do ríomhshíniú tar éis a chéadghníomhachtaithe, caillfidh sé a bhailíocht ón nóiméad a gcúlghairfear é, agus ní dhéanfar a stádas a athshlánú in imthosca ar bith.

5.   Faoi réir na gcoinníollacha seo a leanas, féadfaidh Ballstáit rialacha náisiúnta a leagan síos maidir le deimhnithe cáilithe do ríomhshíniú a chur ar fionraí ar bhonn sealadach:

(a)

má cuireadh deimhniú cáilithe do ríomhshíniú ar fionraí ar bhonn sealadach, ní bheidh an deimhniú sin bailí i rith na tréimhse fionraíochta.

(b)

cuirfear tréimhse na fionraíochta in iúl go soiléir i mbunachar sonraí na ndeimhnithe agus beidh stádas na fionraíochta le feiceáil le linn na fionraíochta, ag an tseirbhís a chuirfidh faisnéis ar fáil maidir le stádas an deimhnithe.

6.   féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, uimhreacha tagartha caighdeán is infheidhme maidir le deimhnithe cáilithe don ríomhshíniú a bhunú. Toimhdeofar go bhfuiltear ag comhlíonadh na gceanglas atá leagtha síos in Iarscríbhinn I, i gcás ina gcomhlíonfaidh deimhniú cáilithe le haghaidh ríomhshínithe na caighdeáin sin. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 48(2).

Airteagal 29

Ceanglais maidir le gléasanna cruthaithe ríomhshínithe cáilithe

1.   Comhlíonfaidh gléasanna cruthaithe ríomhshínithe cáilithe na ceanglais a leagtar síos in Iarscríbhinn II.

2.   féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, uimhreacha tagartha caighdeán is infheidhme maidir le gléasanna cruthaithe ríomhshínithe cáilithe a bhunú. Toimhdeofar go bhfuiltear ag comhlíonadh na gceanglas a leagtar síos in Iarscríbhinn II, i gcás ina gcomhlíonfar na ceanglais sin le gléas cruthaithe ríomhshínithe cáilithe. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 48(2).

Airteagal 31

Liosta de ghléasanna cruthaithe ríomhshínithe cáilithe a bheidh deimhnithe a fhoilsiú

1.   Gan mhoill mhíchuí agus tráth nach déanaí ná mí amháin tar éis chur i gcrích an deimhniúcháin, cuirfidh na Ballstáit faisnéis in iúl don Choimisiún faoi ghléasanna cruthaithe ríomhshínithe cáilithe, ar gléasanna iad a dheimhneoidh na comhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 30(1). Gan moill míchuí agus tráth nach déanaí ná mí amháin tar éis chur ar ceal an deimhniúcháin, cuirfidh siad faisnéis in iúl don Choimisiún freisin maidir le gléasanna cruthaithe ríomhshínithe nach mbeidh deimhnithe a thuilleadh.

2.   Ar bhonn na faisnéise a fhaightear, bunóidh, cothabhálfaidh agus foilseoidh an Coimisiún liosta de ghléasanna cruthaithe ríomhshínithe cáilithe a bheidh deimhnithe.

3.   féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, sainiú a dhéanamh ar fhormáidí agus ar nósanna imeachta is infheidhme chun críche mhír 1. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 48(2).

Airteagal 32

Ceanglais maidir le ríomhshínithe cáilithe a bhailíochtú

1.   Leis an bpróiseas chun ríomhshíniú cáilithe a bhailíochtú, deimhneofar bailíocht an ríomhshínithe cháilithe ar na coinníollacha seo a leanas:

(a)

tráth an tsínithe, deimhniú ríomhshínithe cháilithe lena gcomhlíontar Iarscríbhinn I a bhí sa deimhniú atá ag tacú leis an síniú;

(b)

soláthraí cáilithe seirbhísí iontaoibhe a d’eisigh an deimhniú cáilithe agus bhí sé bailí tráth an tsínithe;

(c)

comhfhreagraíonn sonraí bailíochtaithe an tsínithe do na sonraí a soláthraíodh do na páirtithe is úsáideoirí;

(d)

soláthraítear don pháirtí is úsáideoir mar is ceart an fhoireann uathúil sonraí arb ionann í agus an sínitheoir sa deimhniú;

(e)

i gcás inar úsáideadh ainm bréige tráth an tsínithe, cuirtear sin in iúl go follasach don pháirtí is úsáideoir;

(f)

gléas cruthaithe ríomhshínithe cáilithe a chruthaigh an ríomhshíniú;

(g)

níor cuireadh sláine na sonraí sínithe i mbaol;

(h)

trath an tsínithe, comhlíonadh na ceanglais dá bhforáiltear in Airteagal 26.

2.   Tabharfaidh an córas a úsáidtear chun an ríomhshíniú cáilithe a bhailíochtú toradh an phróisis bhailíochtaithe sin go cruinn don pháirtí is úsáideoir agus ligfidh sé don pháirtí sin aon shaincheist ábhartha slándála a d’fhéadfadh a bheith ann a bhrath.

3.   féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, uimhreacha tagartha caighdeán a bhunú is infheidhme maidir le ríomhshínithe cáilithe a bhailíochtú. Toimhdeofar go bhfuil comhlíonadh na ceanglais a leagtar síos i mír 1 á gcomhlíonadh, i gcás ina gcomhlíonfar na caighdeáin sin trí na ríomhshínithe cáilithe a bhailíochtú. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 48(2).

Airteagal 33

Seirbhís bailíochtaithe cháilithe le haghaidh ríomhshínithe cáilithe

1.   féadfaidh soláthraí cáilithe seirbhísí iontaoibhe agus soláthraí den chineál sin amháin seirbhís bailíochtaithe cháilithe a sholáthar le haghaidh ríomhshínithe cáilithe, ar soláthraí é:

(a)

a sholáthróidh bailíochtú i gcomhréir le Airteagal 32(1), agus

(b)

a chuirfidh ar chumas na bpáirtithe is úsáideoirí torthaí an phróisis bhailíochtaithe a fháil ar bhealach uathoibríoch a bheidh iontaofa agus éifeachtúil agus a mbeidh ríomhshíniú ardleibhéil nó ríomhshéala ardleibhéil sholáthraí na seirbhíse bailíochtaithe cáilithe ag gabháil dó.

2.   féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, uimhreacha tagartha caighdeán a bhunú is infheidhme maidir leis an tseirbhís bailíochtaithe cháilithe dá dtagraítear i mír 1. Toimhdeofar go bhfuil comhlíonadh na ceanglais a leagtar síos i mír 1 á gcomhlíonadh, i gcás ina gcomhlíonfar na caighdeáin sin leis an tseirbhís bailíochtaithe le haghaidh ríomhshínithe cáilithe. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 48(2).

Airteagal 34

Seirbhís caomhnaithe cháilithe le haghaidh ríomhshínithe cáilithe

1.   Is soláthraí cáilithe seirbhísí iontaoibhe agus soláthraí den chineál sin amháin a fhéadfaidh seirbhís caomhnaithe cháilithe le haghaidh ríomhshínithe cáilithe a sholáthar, ar soláthraí é a úsáidfidh nósanna imeachta agus teicneolaíochtaí a mbeidh sé ar a gcumas iontaofacht an ríomhshínithe cháilithe a shíneadh amach thar an tréimhse bhailíochta theicniúil.

2.   féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, uimhreacha tagartha caighdeán a bhunú is infheidhme maidir leis an tseirbhís caomhnaithe cháilithe do ríomhshínithe cáilithe. Toimhdeofar go bhfuil na ceanglais a leagtar síos i mír 1 á gcomhlíonadh, i gcás ina gcomhlíonfaidh na socruithe maidir leis an tseirbhís caomhnaithe cháilithe do ríomhshínithe cáilithe na caighdeáin sin. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 48(2).

ROINN 5

Ríomhshéalaí

Airteagal 37

Ríomhshéalaí sna seirbhísí poiblí

1.   I gcás ina mbeidh ríomhshéala ardleibhéil ag teastáil ó Bhallstát chun úsáid a bhaint as seirbhís ar líne a thairgeann comhlacht poiblí, nó a thairgtear thar cheann an chomhlachta, sainaithneoidh an Ballstát sin ríomhshéalaí ardleibhéil, ríomhshéalaí ardleibhéil bunaithe ar dheimhniú cáilithe le haghaidh ríomhshéalaí agus ríomhshéalaí cáilithe ar a laghad sna formáidí nó trí úsáid a bhaint as na modhanna a shainítear san ghníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 5.

2.   I gcás ina mbeidh ríomhshéala ardleibhéil bunaithe ar dheimhniú cáilithe ag teastáil ó Bhallstát chun úsáid a bhaint as seirbhís ar líne a thairgeann comhlacht poiblí, nó a thairgtear thar cheann an chomhlachta, sainaithneoidh an Ballstát sin ríomhshéalaí ardleibhéil bunaithe ar dheimhniú cáilithe agus ríomhshéalaí cáilithe ar a laghad sna formáidí nó trí úsáid a bhaint as na modhanna a shainítear sna gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 5.

3.   Maidir le húsáid trasteorann seirbhís ar líne a bheidh á cur ar fáil ag comhlacht poiblí, ní iarrfaidh na Ballstáit ríomhshéala ar leibhéal níos airde slándála ná leibhéal ríomhshéala cháilithe.

4.   féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, uimhreacha tagartha caighdeán a bhunú maidir le ríomhshéalaí ardleibhéil. Toimhdeofar go bhfuil na ceanglais maidir le ríomhshéalaí ardleibhéil dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2 den Airteagal seo agus in Airteagal 36 á gcomhlíonadh tráth a gcomhlíonfar na caighdeáin sin le ríomhshéala ardleibhéil. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 48(2)

5.   Faoin 18 Meán Fómhair 2015, agus na cleachtais, na caighdeáin agus gníomhartha dlíthiúla an Aontais á gcur san áireamh, déanfaidh an Coimisiún, tri bhíthin ghníomhartha cur chun feidhme na formáidí tagartha do ríomhshéalaí ardleibhéil nó na modhanna tagartha i gcás ina n-úsáidfear formáidí eile a shainiú. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 48(2).

Airteagal 38

Deimhnithe cáilithe le haghaidh ríomhshéalaí

1.   Comhlíonfaidh deimhnithe cáilithe le haghaidh ríomhshéalaí na ceanglais a leagtar síos in Iarscríbhinn III.

2.   Ní bheidh deimhnithe cáilithe le haghaidh ríomhshéalaí faoi réir aon cheanglas shainordaitheach de bhreis ar na ceanglais a leagtar síos in Iarscríbhinn III.

3.   Féadfar saintréithe breise neamh-shainordaitheacha sonracha a áireamh leis na deimhnithe cáilithe le haghaidh ríomhshéala. Ní bheidh éifeacht ag na saintréithe sin ar idir-inoibritheacht ná ar shainaithint ríomhshéalaí cáilithe.

4.   Má chúlghairtear deimhniú cáilithe le haghaidh ríomhshéala tar éis a chéadghníomhachtaithe, caillfidh sé a bhailíocht ón nóiméad a gcúlghairfear é, agus ní dhéanfar a stádas a athshlánú in imthosca ar bith.

5.   Faoi réir na gcoinníollacha seo a leanas, féadfaidh na Ballstáit rialacha náisiúnta a leagan síos maidir le deimhnithe cáilithe le haghaidh ríomhshéala a chur ar fionraí sealadach:

(a)

má cuireadh deimhniú cáilithe le haghaidh ríomhshéala ar fionraí sealadach, ní bheidh an deimhniú sin bailí i rith na tréimhse fionraíochta;

(b)

cuirfear tréimhse na fionraíochta in iúl go soiléir i mbunachar sonraí na ndeimhnithe agus beidh stádas na fionraíochta le feiceáil le linn na fionraíochta, ag an tseirbhís a chuireann faisnéis ar fáil maidir le stádas an deimhnithe.

6.   féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, uimhreacha tagartha caighdeán a bhunú is infheidhme maidir le deimhnithe cáilithe le haghaidh ríomhshéalaí. Toimhdeofar go bhfuil na ceanglais a leagtar síos in Iarscríbhinn III á gcomhlíonadh, i gcás ina gcomhlíonfaidh deimhniú cáilithe le haghaidh ríomhshéala na caighdeáin sin. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 48(2).

Airteagal 42

Ceanglais maidir le ríomhstampaí ama cáilithe

1.   Comhlíonfaidh ríomhstampa ama cáilithe na ceanglais seo a leanas:

(a)

nascann sé an dáta agus an t-am le sonraí ar bhealach lena gcuirfear bac réasúnta ar aon fhéidearthacht go n-athrófaí na sonraí go dobhraite;

(b)

tá sé bunaithe ar fhoinse chruinn ama atá nasctha le hAm Uilíoch Lárnach; agus

(c)

sínítear é le ríomhshíniú ardleibhéil nó séalaítear é le ríomhshéala ardleibhéil an tsoláthraí cháilithe seirbhísí iontaoibhe, nó lena chothrom.

2.   féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, uimhreacha tagartha caighdeán a bhunú chun an dáta agus an t-am a nascadh le sonraí agus le haghaidh foinsí cruinne ama. Toimhdeofar go bhfuil na ceanglais a leagtar síos i mír 1 á gcomhlíonadh, i gcás ina gcomhlíonfar na caighdeáin sin trí an dáta agus an t-am a nascadh le sonraí agus tríd an bhfoinse chruinn ama. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 48(2).

ROINN 7

Ríomhsheirbhísí seachadta chláraithe

Airteagal 44

Ceanglais maidir le ríomhsheirbhísí seachadta cláraithe

1.   Comhlíonfaidh ríomhsheirbhísí seachadta cláraithe na ceanglais seo a leanas:

(a)

go ndéanann soláthraí cáilithe seirbhíse iontaoibhe amháin nó níos mó iad a sholáthar;

(b)

ní mór go n-áirítear leo sainaithint an tseoltóra le hardleibhéal iontaoibhe;

(c)

ní mór dóibh aitheantas an tseolaí a áirithiú sula seachadfar na sonraí;

(d)

caithfear seoladh agus glacadh sonraí a shlánú le ríomhshíniú ardleibhéil nó ag ríomhshéala ardleibhéil de chuid soláthraí cháilithe seirbhísí iontaoibhe ar bhealach a chuirfidh bac ar aon fhéidearthacht na sonraí a athrú go dobhraite;

(e)

aon athrú sonraí is gá a dhéanamh ar mhaithe le seoladh agus glacadh na sonraí, ní foláir é a chur in iúl go follasach do sheoltóir agus do sheolaí na sonraí;

(f)

is gá dáta agus am seolta na sonraí, dáta glactha na sonraí agus dáta aon athruithe ar na sonraí a léiriú le ríomhstampa ama cáilithe;

I gcás go bhfuil na sonraí á n-aistriú idir dhá sholáthraí cáilithe seirbhísí iontaoibhe nó níos mó, beidh feidhm ag na ceanglais i bpointe (a) go pointe (f) maidir leis na soláthraithe cáilithe seirbhísí iontaoibhe go léir.

2.   féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, uimhreacha tagartha caighdeán a bhunú is infheidhme maidir le próisis seolta agus ghlactha sonraí. Toimhdeofar go bhfuil na ceanglais a leagtar síos i mír 1 á gcomhlíonadh, i gcás ina gcomhlíonfar na caighdeáin sin leis an bpróiseas seolta agus ghlactha sonraí. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 48(2).

ROINN 8

Fíordheimhniú láithreán gréasáin

Airteagal 45

Ceanglais maidir le deimhnithe cáilithe ar fhíordheimhniú láithreán gréasáin

1.   Comhlíonfaidh deimhnithe cáilithe ar fhíordheimhniú láithreán gréasáin na ceanglais a leagtar síos in Iarscríbhinn IV.

2.   féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, uimhreacha tagartha caighdeán a bhunú is infheidhme maidir le deimhnithe cáilithe ar fhíordheimhniú láithreán gréasáin. Toimhdeofar go bhfuiltear bhfuil na ceanglais a leagtar síos in Iarscríbhinn IV á gcomhlíonadh, i gcás ina gcomhlíonfar na caighdeáin sin le deimhniú cáilithe um fhíordheimhniú láithreán gréasáin. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 48(2).

CAIBIDIL IV

RÍOMHDHOICIMÉID

Airteagal 47

An tarmligean a fheidhmiú

1.   Tugtar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo.

2.   Tugtar an chumhacht don Choimisiún na gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 30(4) a ghlacadh ar feadh tréimhse éiginnte amhail ón 17 Meán Fómhair 2014.

3.   féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 30(4) a chúlghairm aon tráth. Le cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta a shonrófar sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis ón lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe a bheidh i bhfeidhm cheana féin.

4.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra ina thaobh sin do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle an tráth céanna.

5.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlacfar de bhun Airteagal 30(4) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse dhá mhí ó cuireadh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas faoin ngníomh sin, nó, sula rachaidh an tréimhse sin in éag, má tá sé curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle araon don Choimisiún nach gcuirfidh siad ina choinne. Cuirfear dhá mhí leis an tréimhse sin ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.


whereas









keyboard_arrow_down